Cache of job #14125663

Job Title

Feidhmeannach Forbartha

Employer

Fiontraíocht Agus Fostaíocht

Location

Co. Dhún Na NGall , Co. Ciarraí Agus Co. Na Gaillimhe (Donegal, Kerry Or Galway)

Description

Feidhmeannach Forbartha. Application details/procedure: Beidh an Feidhmeannach Forbartha ar dhuine de chúigear Feidhmeannaigh sa Rannóg Fiontraíochta agus Fostaíochta in Údarás na Gaeltachta agus beidh sé/sí freagrach don Cheannaisí Fiontraíochta agus Fostaíochta. Táthar ag lorg feidhmeannach tiomanta a bhfuil taithí aige/aici, a bhfuil scileanna láidre fiontraíochta, nuálaíochta, ceannasaíochta, cruthaitheachta, idirbheartaíochta agus cumarsáide aige/aici chomh maith le hinniúlachtaí bainistíochta agus an tiomantas pearsanta a chuirfidh ar a chumas/a cumas cur go mór le todhchaí Údarás na Gaeltachta agus le forbairt fiontraíochta agus fostaíochta sa Ghaeltacht. Tá cuspóirí an róil seo bunaithe ar:  1. Forbairt Fiontraíochta agus comhlachtaí a mhealladh chuig an Ghaeltacht. 2. Fostaíocht a fhorbairt. 3. Béim ar leith a bheith curtha ar nuálachas  4. Forbairt bunaithe ar acmhainní nádurtha. 5. Tacaíocht a thabhairt d’fhoireann an Údaráis ar fhorbairt gnó. Tabharfaidh an t-iarrthóir rathúil ceannasaíocht láidir chuig an bhfoireann fiontraíochta chun spriocanna straitéiseacha, oibriúcháin agus fostaíochta an Údaráis a chur i gcrích. Cothóidh an Feidhmeannach caidreamh dearfach le gnóthaí náisiúnta agus idirnáisiúnta, le heagraíochtaí stáit, cliantcomhlachtaí agus iomchuí eile chun aidhmeanna agus cuspóirí Straitéis Údarás na Gaeltachta a bhaint amach.  https://www.udaras.ie/en/training-employment/jobs/ Closing date: 02/10/2020. Please note that this advertisement is being hosted by the Public Appointments Service on publicjobs.ie. The Public Appointments Service has no involvement in, or responsibility for, the recruitment and selection process or the terms and conditions which relate to this post.

Date Added

1311 days ago

Apply